Preasráiteas an 1 Meán Fómhair 2010
This press release is also available in English
D’fhoilsigh an Banc Ceannais agus an Rialtóir Airgeadais na sonraí is déanaí maidir le riaráistí morgáiste agus le hathshealbhú don tréimhse dar chríoch Meitheamh 2010. Taispeántar leis na figiúirí go raibh os cionn 789,000 cuntas morgáiste réadmhaoine, arb ionann a luach agus €118 billiún, ar seilbh in Éirinn ag deireadh mhí an Mheithimh 2010. Bhí 36,438 díobh i riaráiste ar feadh breis agus 90 lá. Léirítear leis na sonraí seo freisin gur tháinig laghdú €339 milliún ar an bhfiach morgáiste neamhíoctha iomlán ón gcéad ráithe den bhliain 2010. Is é seo an ceathrú tacar sonraí atá foilsithe ag an mBanc Ceannais agus an Rialtóir Airgeadais maidir le riaráistí morgáiste agus leis na figiúirí a bailíodh thar thréimhse 12 mhí ón 1 Iúil go dtí an 30 Meitheamh 2010, léirítear gur athshealbhaíodh 387 maoin.
- Sonraí maidir le Riaráistí
Amhail ó dheireadh mhí an Mheithimh 2010, bhí 36,438 cuntas morgáiste, is é sin le rá 4.6%, i riaráiste ar feadh breis agus 90 lá agus astu sin bhí 24,797, nó 3.14% de na cuntais morgáiste, i riaráiste ar feadh breis agus 180 lá. Bhí €6.9 billiún dlite i leith na gcuntas sin a bhí i riaráiste ar feadh breis agus 90 lá agus bhí €4.8 billiún dlite i leith na gcuntas a bhí i riaráiste ar feadh breis agus 180 lá. Tháinig méadú 12.74% ar líon na gcuntais morgáiste a bhí i riaráiste ar feadh breis agus 90 lá ó dheireadh Mhárta 2010.
Is beag athrú a tháinig ar líon na n-éileamh foirmiúil gan íoc a d’eisigh iasachtóirí morgáiste agus tá 5,500 fós gan íoc. Sna cásanna seo, is ionann leibhéal na riaráistí agus €84.48 milliún ar mhorgáistí gan íoc (arb ionann iad agus €1.16 billiún). Tháinig laghdú breise ar leibhéal na riaráistí gan íoc i gcás inar tionscnaíodh imeachtaí cúirte chun an fiach/urrús morgáiste a fhorghníomhú. Ag deireadh mhí an Mheithimh 2010 bhí 3,023 cás den sórt sin ann, arb ionann agus laghdú 1.75% ó dheireadh mhí Mhárta 2010. Sna cásanna seo, b’ionann leibhéal na riaráistí agus €96.9 milliún ar mhorgáistí gan íoc (arb ionann iad agus €672 milliún).
Le linn na ráithe dar chríoch Meitheamh 2010, bhí 170 cás ann inar chuir iasachtóirí morgáiste iarratas faoi bhráid na Cúirte chun imeachtaí a thionscnamh chun an fiach/urrús a fhorghníomhú. Is ionann é seo agus méadú 5.59% ar líon na gcásanna a thuairiscíodh le linn na ráithe dar chríoch deireach Mhárta 2010. Sna cásanna thuasluaite, bhí riaráistí €8.1 milliún san iomlán ar iasachtaí morgáiste arb ionann a n-iomlán agus €41.3 milliún.
Le linn na ráithe, tugadh 215 imeachtaí forghníomhaithe chun críche. Dheonaigh na Cúirteanna 101 ordú athshealbhaithe, lena n-áirítear 7 maoin a géilleadh go deonach agus 24 mhaoin a tréigeadh. Sna cásanna eile inar tugadh imeachtaí forghníomhaithe chun críche, réitíodh 85 ceann díobh trí théarma an mhorgáiste agus/nó trí choinníollacha eile an mhorgáiste a athchaibidliú. Tugadh na cásanna eile chun críche trí ghéilleadh saorálach nó ar théarmaí eile.
Ag tús na ráithe bhí 455 réadmhaoin chónaithe athshealbhaithe ar seilbh ag iasachtóirí morgáiste. Athshealbhaíodh 86 réadmhaoin chónaithe eile le linn na ráithe; astu sin athshealbhaíodh 20 ceann díobh sin de bhun Orduithe Cúirte agus 66 ceann díobh mar thoradh ar ghéilleadh saorálach nó ar thréigeadh. B’ionann agus 387 líon iomlán na réadmhaoine a athshealbhaíodh le linn na tréimhse dhá mhí dhéag ón 1 Iúil 2009 go dtí 30 Meitheamh 2010.
Diúscraíodh 45 réadmhaoin le linn na ráithe. Ciallaíonn sé seo go raibh 496 réadmhaoin chónaithe athshealbhaithe ag iasachtóirí morgáiste faoi dheireadh mhí an Mheithimh 2010.