Preaseisiúint an 17 Samhain 2010
This press release is also available in English
D’fhoilsigh Banc Ceannais na hÉireann inniu na sonraí is déanaí maidir le riaráistí morgáiste agus le hathshealbhú don tréimhse dar chríoch Meán Fómhair 2010. Taispeántar leis na figiúirí seo go raibh os cionn 789,000 cuntas morgáiste cónaithe príobháideach ar seilbh in Éirinn ag deireadh mhí Mheán Fómhair 2010, arb ionann a luach agus €117.4 billiún. Bhí 40,472 díobh i riaráiste ar feadh breis agus 90 lá. Thairis sin, léirítear leis na sonraí seo gur tháinig laghdú €316 milliún ar an bhfiach morgáiste neamhíoctha iomlán le haghaidh morgáistí cónaithe príobháideacha ón dara ráithe den bhliain 2010.
Sonraí maidir le Riaráistí
Amhail ó dheireadh mhí Mheán Fómhair 2010, bhí 40,472 cuntas morgáiste, is é sin le rá 5.1%, i riaráiste ar feadh breis agus 90 lá agus astu sin bhí 28,049, nó 3.6% de na cuntais morgáiste, i riaráiste ar feadh breis agus 180 lá. Bhí €7.8 billiún dlite i leith na gcuntas sin a bhí i riaráiste ar feadh breis agus 90 lá agus bhí €5.5 billiún dlite i leith na gcuntas a bhí i riaráiste ar feadh breis agus 180 lá. Tháinig méadú 11.1% ar líon na gcuntas morgáiste a bhí i riaráiste ar feadh breis agus 90 lá ó dheireadh mhí an Mheithimh 2010.
Tháinig méadú 2.1% ar líon na n-éileamh foirmiúil gan íoc arna n-eisiúint ag iasachtóirí morgáiste, rud a chiallaíonn go bhfuil 5,576 fós gan íoc. Sna cásanna seo, is ionann leibhéal na riaráistí agus €92.8 milliún ar mhorgáistí gan íoc (arb ionann iad agus €1.2 billiún san iomlán). Tháinig méadú freisin ar leibhéal na riaráistí gan íoc i gcás inar tionscnaíodh imeachtaí cúirte chun an fiach/an t-urrús morgáiste a fhorghníomhú. Ag deireadh mhí Mheán Fómhair 2010, bhí 3,054 cás den sórt sin ann, is ionann sin agus méadú 1% ó dheireadh mhí an Mheithimh 2010. Sna cásanna seo, b’ionann leibhéal na riaráistí agus €101.8 milliún ar mhorgáistí gan íoc (arb ionann iad agus €694 milliún).
Imeachtaí Cúirte
Le linn na ráithe dar chríoch Meán Fómhair 2010, bhí 210 cás ann inar chuir iasachtóirí morgáiste iarratas faoi bhráid na Cúirte chun imeachtaí a thionscnamh chun an fiach/an t-urrús a fhorghníomhú. Is ionann é seo agus laghdú 23.5% ar líon na gcásanna a tuairiscíodh le linn na ráithe dar chríoch deireadh mhí an Mheithimh 2010. Sna cásanna thuasluaite, bhí riaráistí €7.8 milliún san iomlán ar iasachtaí morgáiste arb ionann a n-iomlán agus €76.9 milliún.
Le linn na ráithe, tugadh 156 imeacht forghníomhaithe chun críche. B’ionann é seo agus laghdú 27.4% ar líon na gcásanna a tugadh chun críche le linn na ráithe dar chríoch Mí an Mheithimh 2010. In 98 cás, dheonaigh na Cúirteanna orduithe athshealbhaithe, lena n-áirítear 3 mhaoin a géilleadh go saorálach agus 17 maoin a tréigeadh. Sna cásanna eile (58) inar tugadh imeachtaí forghníomhaithe chun críche, réitíodh 39 ceann díobh trí théarma an mhorgáiste a athchaibidliú agus/nó trí choinníollacha eile an mhorgáiste a athchaibidliú. Tugadh na cásanna eile chun críche trí ghéilleadh saorálach, trí thréigeadh nó ar théarmaí eile.
Athshealbhú
Ag tús na ráithe, bhí 495 réadmhaoin chónaithe athshealbhaithe ar seilbh ag iasachtóirí morgáiste. Athshealbhaíodh 81 réadmhaoin chónaithe eile le linn na ráithe; athshealbhaíodh 22 ceann díobh sin de bhun Orduithe Cúirte agus 59 ceann díobh mar thoradh ar ghéilleadh saorálach nó ar thréigeadh. Diúscraíodh 54 réadmhaoin le linn na ráithe. Ciallaíonn sé sin go raibh 522 réadmhaoin chónaithe athshealbhaithe ag iasachtóirí morgáiste faoi dheireadh mhí Mheán Fómhair 2010.
Sonraí maidir le Riaráistí agus Athbheithniú ar Cheanglais Chaipitil Stuamachta
I Márta 2010, d’fhoilsigh an Banc Ceannais Conclúidí a Athbheithnithe ar Cheanglais Chaipitil Stuamachta do na bainc Éireannacha, inar leagadh síos ceanglais chaipitil bhunúsacha agus struis. Bhí measúnú ar rátaí caillteanais na punainne morgáiste i gceist leis na ceanglais chaipitil seo, faoi choinníollacha bunúsacha agus faoi choinníollacha struis. Ní hionann rátaí caillteanais agus rátaí riaráiste, baineann rátaí caillteanais leis an gcaillteanas a bhíonn ann i ndiaidh mainneachtana, rud atá bunaithe ar mheasúnú ar luachanna gnóthaithe do mhaoine, ar líon na n-iasachtaithe a athchromann ar íocaíochtaí agus ar thosca eile. Leis na rátaí riaráiste a foilsíodh inniu maidir le morgáistí tí, tugtar le fios go bhfuil ráta caillteanais punainne faoi bhun an mheánráta caillteanais bhunúsaigh don tionscal arna úsáid san Athbheithniú ar Cheanglais Chaipitil Stuamachta (agus go mór faoi bhun ráta caillteanais phunann struis PCAR).