Preaseisiúint an 28 Deireadh Fómhair 2010
This press release is also available in English
D’fhoilsigh Banc Ceannais na hÉireann páipéar comhairliúcháin inniu ar an gCód um Chosaint Tomhaltóirí (an Cód), ina leagtar amach ceanglais nua do ghnólachtaí rialáilte nuair a bheidh siad ag plé le custaiméirí agus ina neartaítear na rialacháin atá ann cheana i bpríomhréimsí áirithe. Tháinig an Cód i bhfeidhm i gceart i mí Iúil 2007 agus tá na hathruithe atá beartaithe mar chuid den bhrú leanúnach chun bearta um chosaint tomhaltóirí a neartú.
Arsa, Bernard Sheridan, Ard-Stiúrthóir Cúnta, Cosaint Tomhaltóirí; ‘Leanann cosaint tomhaltóirí de bheith mar eochairthosaíocht ag an mBanc Ceannais agus is é an t-athbhreithniú seo ar an gCód an neartú is suntasaí atá déanta ar na ceanglais um chosaint tomhaltóirí ó tugadh an Cód isteach trí bliana ó shin. Leis na rialacha nua agus na ceanglais níos déine do ghnólachtaí maidir leis an gcaoi ina bpléann siad le custaiméirí, cuirfear leis an leibhéal cosanta do thomhaltóirí le linn dóibh bheith ag déileáil le gnólachtaí seirbhíse airgeadais rialáilte.’
‘Ar na príomhathruithe atá beartaithe ar an gCód, áirítear sainmhíniú ar chustaiméir soghonta, ceanglais oiriúnachta níos déine, cur i bhfeidhm teorainneacha diana ama le linn a bheith ag déileáil le hearráidí rótháille agus leathnú na gceanglas um nochtadh. Beimid ag cur lenár gcumas chun monatóireacht a dhéanamh ar fhorbairtí táirge sa tionscal seirbhísí airgeadais, agus cuimsíonn an comhairliúchán moltaí go mbeidh ar tháirgeoirí táirgí an spriocmhargadh a mbeidh an táirge oiriúnach dó a aithint’, a dúirt sé.
Ar na bearta is suntasaí atá beartaithe sa Chód athbhreithnithe, áirítear iad seo a leanas:
Ceanglais níos rúraí maidir le ceanglais do thomhaltóirí a aithint. Ceanglófar ar ghnólachtaí faisnéis shonrach a bhailiú agus a thaifeadadh i dtaca le himthosca pearsanta, le riachtanais agus cuspóirí, le staid airgeadais na gcustaiméirí agus lena meon i dtaobh riosca;
Ceanglais níos déine chun a mheasúnú an bhfuil táirge nó seirbhís oiriúnach do thomhaltóir agus an bhfreastalaíonn sé nó sí ar riachtanais agus ar chuspóirí an tomhaltóra;
Beartaítear sainmhíniú a thabhairt ar thomhaltóir soghonta agus ní mór do ghnólachtaí leibhéal níos airde cúraim a chur ar fáil do thomhaltóir má aithnítear soghontacht;
Ceanglais fheabhsaithe um nochtadh agus um thrédhearcacht;
Ceanglais nua go mbeidh ar tháirgeoirí táirge na nithe seo a leanas a aithint le linn dóibh táirgí nua infheistíochta a dhearadh: an spriocmhargadh, cineál agus réim na rioscaí a bhaineann leis an táirge agus, leibhéal, cineál, réim agus teorainneacha aon ráthaíochtaí a ghabhann leis an táirge;
Ceanglais nua chun inacmhainneacht, lena n-áirítear fíorú ioncaim agus aisíocaíochtaí tástála struis, a mheas. Beartaítear forálacha chun fiachas pearsanta a láimhseáil, ar forálacha iad atá cosúil leis na forálacha a beartaíodh chun riaráistí morgáiste a láimhseáil; agus
Ceanglais níos rúraí maidir le hearráidí a láimhseáil, lena n-áirítear ceanglais go gcaithfear earráidí a cheartú go hiomlán laistigh de shé mhí, go mbeidh ar eintitis rialáilte córais rialaithe inmheánaigh a thástáil go rialta, go gcaithfear an earráid a thuairisciú don Bhanc Ceannais i gcás nach mbeidh sí ceartaithe laistigh de 30 lá agus go gcaithfear tuairisc ar na hearráidí go léir a chothabháil sna gnólachtaí.
Mar aon le barúlacha a lorg maidir leis na bearta suntasacha atá leagtha amach, lorgaítear tuairimí sa chomhairliúchán maidir le saincheisteanna sonracha lena n-áirítear faisnéis is gá a thabhairt do thomhaltóirí maidir le táirgí, le teorainneacha breise ar chonarthaí gan iarraidh le tomhaltóirí, leis an gcaoi ina ndéileáiltear le tomhaltóirí soghonta agus le hoibriú an Chóid Iompair ar Chuntais Reatha le hInstitiúidí Creidmheasa a Aistriú.
Tá barúlacha maidir leis na leasuithe atá beartaithe mar aon le ceisteanna comhairliúcháin á lorg ag an mBanc Ceannais faoin 10 Eanáir 2011 d’fhonn an Cód athbhreithnithe a fhoilsiú faoi lár 2011. Na haighneachtaí go léir a gheofar, foilseofar iad ar www.centralbank.ie.