Ráiteas - Bank of Scotland (Ireland) Limited 

Ráiteas 19 Lúnasa  2010

This statement is also available in English

Tá Bank of Scotland (Ireland) tar éis a chur in iúl don Bhanc Ceannais agus don Rialtóir Airgeadais go bhfuil sé ar intinn ag a scairshealbhóir, Lloyds Banking Group, an margadh Éireannach a fhágáil agus, dá thairbhe sin, nach bheidh gníomhaíochtaí baincéireachta á dtairiscint in Éirinn ag Bank of Scotland (Ireland) ó dheireadh mhí na Nollag 2010. Tá sé curtha in iúl ag Bank of Scotland (Ireland) don Bhanc Ceannais agus don Rialtóir Airgeadais go scoirfidh sé de bheith ag feidhmiú mar bhanc ceadúnaithe in Éirinn faoin 31 Nollaig 2010 agus go n-aistreofar gnó Bank of Scotland (Ireland) chuig a máthairchuideachta Bank of Scotland (UK). Glacadh an cinneadh seo tar éis do Lloyds Banking Group athbhreithniú a dhéanamh ar Bank of Scotland (Ireland) i ndiaidh dhúnadh ghnó baincéireachta miondíola Halifax agus i ndiaidh dhúnadh ghnó idirghabhálaithe Bank of Scotland (Ireland).

Faoi Rialacháin AE maidir le Cumaisc Trasteorann, aistreofar gnó Bank of Scotland (Ireland) chuig Bank of Scotland (UK) atá ceadúnaithe agus rialaithe ag Údarás Seirbhísí Airgeadais na Ríochta Aontaithe. Ní foláir do Bank of Scotland (Ireland) a áirithiú go gcosnófar cearta na gcustaiméirí agus go ndéileálfar leis na custaiméirí go hionraic agus go cóir cothrom le linn an phróisis agus go gcomhlíonfar na ceanglais rialaitheacha ábhartha go léir.

Tá sé curtha in iúl ag Bank of Scotland (Ireland) go gcuirfidh sé scéala i scríbhinn chuig na  custaiméirí faoi dheireadh mhí Mheán Fómhair 2010 chun a mhíniú dóibh cén chaoi a ndéanfaidh na hathruithe difear dóibh agus cé na bearta is gá dóibh a ghlacadh. D’fhéadfadh impleachtaí éagsúla a bheith i gceist ag brath ar an gcineál cuntais nó ar an gcineál táirge atá ag tomhaltóirí agus molann an Banc Ceannais agus an Rialtóir Airgeadais do thomhaltóirí na sonraí sin a léamh go cúramach.

Custaiméirí a bhfuil imní orthu nó ceisteanna acu maidir lena gcuntais, iarrtar orthu dul i dteagmháil go díreach le Bank of Scotland (Ireland) trí ghlaoch ar 1890 818181 nó trí www.bankofscotland.ie.