Ráiteas – Postbank Ireland Ltd. 

Ráiteas 26 Feabhra 2010

This statement is also available in English

Tá Postbank Ireland Ltd. (comhfhiontar idir an Post agus BNP Paribas Fortis) tar éis a chur in iúl don Rialtóir Airgeadais go bhfuil sé ar intinn aige a ghnó a thabhairt chun críche faoi dheireadh 2010. Is cinneadh tráchtála é agus tá scairshealbhóirí comhfhiontair Postbank tiomanta go hiomlán tacú leis an mbanc le linn na tréimhse seo. Tá an Rialtóir Airgeadais ag obair le Postbank chun bainistiú rianúil an phróisis a áirithiú agus chun a chinntiú go gcosnófar leas na gcustaiméirí i gcomhréir leis an gCód reachtúil um Chosaint Tomhaltóirí. Rachaidh Postbank i dteagmháil lena chuid custaiméirí go léir maidir lena roghanna agus chuir sé in iúl dóibh go mbeidh siad ábalta a ngníomhaíochtaí baincéireachta, árachais agus gníomhaíochtaí Postbank gaolmhara a dhéanamh ar an ngnáthbhealach. Tá taiscí Postbank ráthaithe faoi scéimeanna ráthaíochta agus cosanta taiscí de chuid an Rialtais.

Ní dhéanfaidh an cinneadh seo difear do chuntais choigiltis An Phoist a leanfaidh de bheith ag feidhmiú mar is gnáth.

Tá pointí teagmhála éagsúla bunaithe ag Postbank dá chustaiméirí. Custaiméirí a bhfuil imní orthu nó ceisteanna acu maidir lena gcuntais, iarrtar orthu dul i dteagmháil le Postbank trí ghlaoch ar 1890 30 30 40 nó trí www.postbank.ie