Preasráiteas an 27 Bealtaine 2010
This press release is also available in English
D’fhoilsigh an Rialtóir Airgeadais sonraí inniu maidir le riaráistí morgáiste agus maidir le hathshealbhú don tréimhse dar chríoch Márta 2010. Léirítear leis na sonraí seo, go raibh 791,000 cuntas morgáiste cónaithe príobháideach in Éirinn ag deireadh mhí an Mhárta 2010 arbh ionann a luach agus €118 billiún. Bhí 32,321 díobh i riaráiste ar feadh breis agus 90 lá. Léirítear leis na sonraí seo freisin, gur tháinig laghdú €285 milliún ar an bhfiach morgáiste neamhíoctha iomlán maidir le morgáistí cónaithe príobháideacha sa chéad ráithe den bhliain 2010.
Sonraí maidir le Riaráistí
Amhail ó dheireadh mhí an Mheithimh 2010, bhí 32,321 cuntas morgáiste, is é sin le rá 4%, i riaráiste ar feadh breis agus 90 lá agus astu sin bhí 21,817, nó 2.76% den iomlán, i riaráiste ar feadh breis agus 180 lá. Bhí €6.1 billiún dlite i leith na gcuntas sin a bhí i riaráiste ar feadh breis agus 90 lá agus bhí €4.1 billiún dlite i leith na gcuntas a bhí i riaráiste ar feadh breis agus 180 lá. Tháinig méadú 13% ar líon na gcuntais morgáiste a bhí i riaráiste ar feadh breis agus 90 lá ó dheireadh mhí na Nollag 2009.
Tháinig méadú 7.2% ar líon na n-éileamh foirmiúil gan íoc arna n-eisiúint ag iasachtóirí morgáiste, rud a chiallaíonn go bhfuil 5,500 fós gan íoc. Sna cásanna seo, is ionann leibhéal na riaráistí agus €79.1 milliún ar mhorgáistí gan íoc (arb ionann iad agus €1.16 billiún san iomlán). Tháinig laghdú, áfach, ar leibhéal na riaráistí gan íoc i gcás inar tionscnaíodh imeachtaí cúirte chun an fiach/urrús morgáiste a fhorghníomhú. Ag deireadh mhí an Mhárta 2010 bhí thart ar 3,000 cás den sórt sin ann, arb ionann agus laghdú 4.8% ó dheireadh mhí na Nollag 2009. Sna cásanna seo, b’ionann leibhéal na riaráistí agus €90.4 milliún ar mhorgáistí gan íoc (arb ionann iad agus €670 milliún).
Imeachtaí Cúirte
Le linn na ráithe dar chríoch Márta 2010, bhí 161 cás ann inar chuir iasachtóirí morgáiste iarratas faoi bhráid na Cúirte chun imeachtaí a thionscnamh chun an fiach/urrús a fhorghníomhú. Is ionann é seo agus laghdú 30.9% ar líon na gcásanna a tuairiscíodh le linn na ráithe dar chríoch deireadh mhí na Nollag 2009. Sna cásanna thuasluaite, bhí riaráistí €5.9 milliún san iomlán ar iasachtaí morgáiste arb ionann a n-iomlán agus €59.2 milliún.
Le linn na ráithe, tugadh 225 imeacht forghníomhaithe chun críche. Is ionann é seo agus laghdú 40% nuair a chuirtear é i gcomparáid le cásanna a tugadh chun críche le linn na ráithe dar chríoch Nollaig 2009. In 100 cás, dheonaigh na Cúirteanna orduithe athshealbhaithe, lena n-áirítear 13 mhaoin a géilleadh go saorálach agus 9 maoin a tréigeadh. Sna cásanna eile inar tugadh imeachtaí forghníomhaithe chun críche, réitíodh 98 ceann díobh trí théarma an mhorgáiste agus/nó trí choinníollacha eile an mhorgáiste a athchaibidliú. Tugadh na cásanna eile chun críche trí ghéilleadh saorálach, trí thréigeadh nó ar théarmaí eile.
Athshealbhú
Ag tús na ráithe, bhí 397 réadmhaoin chónaithe athshealbhaithe ar seilbh ag iasachtóirí morgáiste. Athshealbhaíodh 91 réadmhaoin chónaithe eile le linn na ráithe; athshealbhaíodh 26 ceann díobh sin de bhun Orduithe Cúirte agus 65 ceann díobh mar thoradh ar ghéilleadh saorálach nó ar thréigeadh. Diúscraíodh 32 réadmhaoin le linn na ráithe. Ciallaíonn sé sin go raibh 456 réadmhaoin chónaithe athshealbhaithe ag iasachtóirí morgáiste faoi dheireadh mhí an Mhárta 2010.