Preasráiteas an 23 Lúnasa 2010
This press release is also available in English
Ba cheart go gcuirfí custaiméirí ar an eolas maidir leis na hiarmhairtí a bhaineann le haistriú ó mhorgáistí rianúcháin
D’fhoilsigh an Banc Ceannais agus an Rialtóir Airgeadais torthaí scrúdaithe inniu a rinneadh ar chleachtais iasachtóirí morgáiste i dtaca le haistriú ó mhorgáistí rianúcháin. Aithníodh roinnt ábhar imní le linn an scrúdaithe maidir leis an leibhéal nochta agus trédhearcachta a bhíonn i gceist nuair a aistríonn custaiméirí ó mhorgáistí rianúcháin chuig cineálacha morgáiste eile.
Tá an Banc Ceannais agus an Rialtóir Airgeadais tar éis fógra i scríbhinn a thabhairt do na hiasachtóirí morgáiste go léir, ina dtugtar mionsonraí maidir le torthaí an scrúdaithe agus ina leagtar amach bearta nua a thabharfar isteach láithreach chun a áirithiú go mbeidh tuiscint iomlán ag tomhaltóirí ar na hiarmhairtí a bhaineann le haistriú ó mhorgáiste rianúcháin. Aon saincheisteanna a aithníodh, beidh siad faoi réir rannpháirtíochta maoirseachta ar leith le gnólachtaí leithleacha.
Leis an scrúdú seo, fuarthas amach nach raibh na cumarsáidí faoi na hiarmhairtí airgeadais a bhain le haistriú morgáistí go hiomlán trédhearcach don chustaiméir i gcásanna áirithe agus nár léir i gcónaí don chustaiméir nach mbeadh an ráta comhaontaithe rianúcháin nó ráta malartach rianúcháin ar fáil arís sa todhchaí dá n-aistreodh an custaimeir ó mhorgáiste ráta rianúcháin chuig ráta malartach úis (ráta seasta, ráta athraitheach nó ráta eile) ar chúis ar bith.
Mar thoradh ar an scrúdú seo, iarradh ar iasachtóirí morgáiste an iarmhairt a bhíonn ar aistriú ó ráta morgáiste rianúcháin a nochtadh go hiomlán i ngach cumarsáid le custaiméirí, le héifeacht láithreach. Ní mór a chur in iúl do chustaiméirí a aistríonn ó ráta rianúcháin nach mbeidh said in ann leas a bhaint as ráta morgáiste rianúcháin arís sa todhchaí, más amhlaidh atá an cás.
Iarradh ar iasachtóirí morgáiste an fhaisnéis nua seo a leanas a áireamh in aon chumarsáid a bheidh acu le custaiméirí maidir le haistriú ó mhorgáistí ráta rianúcháin, ar aon chúis, le héifeacht láithreach:
Comparáidí táscacha idir aisíocaíochtaí míosúla mhorgáiste ráta rianúcháin an chustaiméara agus na rátaí atá á dtairiscint; agus
Sonraí faoi na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann leis an ráta morgáiste rianúcháin i gcomparáid le rátaí eile atá á dtairiscint.
Níor thángthas ar aon fhianaise le linn an scrúdaithe go raibh dreasachtaí á dtairiscint do chustaiméirí chun aistriú ó mhorgáistí ráta rianúcháin ach iarradh ar iasachtóirí morgáiste aird chuí a thabhairt ar an gceist sula dtairiscítear dreasachtaí do chustaiméirí chun aistriú ó mhorgáistí ráta rianúcháin agus iarradh orthu fógra a thabhairt dúinn sula ndéanfaidh said amhlaidh.
Tugadh faoi deara go bhfuil foráil á déanamh ag iasachtóir morgáiste amháin do thréimhse shuaimhnithe do chustaiméirí a aistríonn morgáistí. Tá tréimhse shuaimhnithe á breithniú ag an mBanc Ceannais agus an Rialtóir Airgeadais mar chuid den athbhreithniú ar an gCód um Chosaint Tomhaltóirí. Tá athbhreithniú á dhéanamh faoi láthair ar an gCód um Chosaint Tomhaltóirí agus táthar ag súil go n-eiseofar páipéar comhairliúcháin maidir leis an gCód níos déanaí i mbliana.