Foilsíonn an Rialtóir Airgeadais Tuarascáil Bhliantúil 2008 

Preaseisiúint 21 Iúil 2009

This press release is also available in English

Tá cur chuige rialála níos déine agus níos ionsáite glactha ag an Rialtóir Airgeadais, trína láithreacht ar-an-láthair a mhéadú agus trí dhíriú ar rialachas corparáideach, ar bhainistíocht riosca agus ar straitéisí gnó. Ag labhairt dó ag seoladh na Tuarascála Bliantúla don bhliain 2008, dúirt Cathaoirleach an Rialtóra Airgeadais, Jim Farrell, go raibh tasc na rialála an-deacair mar gheall ar scála eisceachtúil agus tapúlacht an mheathlúcháin sa timpeallacht gheilleagrach sa bhaile agus ar fud an domhain agus dá bharr seo freisin, go raibh na rialtóirí i ngach áit, ar a seal, chun deiridh maidir le bearta réamhghabhálacha leordhóthanacha a ghlacadh.

“Ó Mheán Fómhair 2008, mar fhreagra  ar na heachtraí seo tá an bealach ina rialálaimid athraithe go bunúsach againn, chun  cur chuige níos déine agus níos teagmhálaí a ghlacadh i leith na n-institiúidí atá ag baint tairbhe as ráthaíocht an Stáit” adúirt an t-Uasal Farrell. “Tá ár bhfoireann maoirseachta lonnaithe ar an láthair anois agus freastalaíonn siad ar chruinnithe áirithe creidmheasa, cistíochta, iniúchóireachta, boird agus cruinnithe eile chun monatóireacht agus measúnú a dhéanamh ar láidreacht an rialachais chorparáidigh agus na bainistíochta riosca. Cuireann na bainc faisnéis níos mionsonraithe ar na heochair-rioscaí ar fáil don Rialtóir Airgeadais anois agus táthar ag súil go ndéanfaidh na príomhfeidhmeannaigh athchóiriú ar an gcaoi a  mbainistítear na bainc. Ní mór do bhoird na n-institiúidí airgeadais anois a gcur chuige a ollchóiriú  go hiomlán agus ní mór dóibh an bhainistíocht a thóraíocht, a cheistiú agus dúshláin a chur fúthu. Go háirithe, caithfidh stiúrthóirí feidhmiúcháin ról níos gníomhaí a imirt agus táimid ag déanamh monatóireachta ar éifeachtacht bhord na mbanc i dtaca leis seo.”

Mhínigh an Príomhfheidhmeannach Gníomhach agus an Stiúrthóir Tomhaltóirí, Mary O’Dea go bhfuil athchóiriú an chur chuige maoirseachta ag dul ar aghaidh céim ar chéim leis na forbairtí ag leibhéal na hÉorpa agus go bhfuil tús curtha cheana féin le hearcú saineolaithe nua rialála, baincéireachta agus riosca, le breisoiliúnt na foirne agus le maoirseacht riosca-bunaithe a ath-ailíniú trí rannóg nua riosca agus forfheidhmithe a bhunú. Dúirt sí go gcoimeádfar cosaint tomhaltóirí agus stiúradh gnó sa struchtúr aontaithe nua, “Táimid ag obair i ndlúthchomhar leis an mBanc Ceannais chun a chinntiú go mbeidh an trasdul chuig na socruithe nua rialála a d’fhógair an Rialtas réidh agus éifeachtach.

Dúirt sí freisin, “Tá sé rí-thábhachtach go gclúdóidh an struchtúr nua na gníomhaíochtaí go léir a bhfuil rioscaí ag baint leo do thomhaltóirí seirbhísí airgeadais. Tá rialáil stuamachta éifeachtach tábhachtach do thomhaltóirí chun a chinntiú go bhfuil a gcoigiltí agus a n-infheistíochtaí sábháilte. Chun cosaint éifeachtach a chur ar fáil do thomhaltóirí is gá go mbeidh cosaintí dlí, amhail caighdeáin do chleachtais dhíolacháin, riachtanais oiriúnachta agus rialacha nochta atá curtha ar fáil trínár gcóid iompraíochta reachtúla. Tá sé seo tábhachtach ach go háirithe sa timpeallacht nua ina bhféadfadh an fócas is gá a chur ar cheisteanna stuamachta fo-thoradh gan choinne neamhinmhianaithe a bheith aige, sé sin go laghdódh sé an fócas ar na gnéithe tábhachtacha eile de chosaint tomhaltóirí.

Cuimsíonn Tuarascáil Bhliantúil an Rialtóra Airgeadais anailís ar an ngéarcheim agus ar an gcur chuige maoirseachta freisin. Siúd is gurb é an phríomhthosaíocht a bhí ann i rith 2008 ná déileáil le héifeacht na géarchéime, ghlac an Rialtóir Airgeadais roinnt tionscamh agus gníomhaíochtaí eile mar chúram air féin don 14,879 gnólacht atá á rialáil aige lena n-áirítear:

 

  • 722 iniúchadh agus cruinnithe athbhreithnithe críochnaithe
  • 9 socraíocht maidir le smachtbhannaí riaracháin
  • Níos mó ná 43,000 teagmháil ó thomhaltóirí le níos mó ná 670,000 cuairt ar www.itsyourmoney.ie;
  • ‪anailísiú déanta ar 36,000 tuairisceán airgeadais;
  • ‪1,600 réamheolaire faofa;
  • Réamhobair shuntasach le haghaidh córas nua rialála don AE ar fad le haghaidh comhlachtaí árachais;
  • Córas nua rialála bunaithe le haghaidh comhlachtaí creidmheasa miondíola agus gnólachtaí frithdhílse  teaghais;
  • Cód um chosaint tomhaltóirí curtha ar bun do chliaint iasachtóirí airgid agus;
  • ‪ Forbraíodh cód um chosaint tomhaltóirí do bhaill na gcomhar creidmheasa;

 Tá liosta iomlan de na príomhghníomhartha a glacadh in 2008 ar fáil sa Tuarascáil Bhliantúil.