Preaseisiúint 21 Eanáir 2010
This press release is also available in English
D’fhoilsigh an Rialtóir Airgeadais rabhadh inniu (Déardaoin, 21 Eanáir 2010) faoi dhá ghnólacht: Equities Europe (Éire) agus Olta Capital Management Inc. (Éire agus Lucsamburg). Níl Equities Europe agus Olta Capital Management Inc. údaraithe mar ghnólacht infheistíochta in Éirinn agus d’fhéadfadh siad a bheith ag maíomh nó ag tabhairt le tuiscint gur gnólacht infheistíochta atá ann atá lonnaithe anseo. Tá an rabhadh á fhoilsiú inniu i nuachtáin laethúla na hÉireann faoi na Rialacháin um Margaí in Ionstraimí Airgeadais 2007.
Is cion coiriúil é do ghnólacht infheistíochta oibriú in Éirinn mura bhfuil sé údaraithe ag an Rialtóir Airgedais. Níl cliaint de ghnólachtaí neamhúdaraithe i dteideal cúitimh ón Scéim um Chúiteamh d’Infheisteoirí.
Is féidir le duine ar bith gur mian leis dul i dteagmháil leis an Rialtóir Airgeadais le heolas faoi ghnólacht dá leithéid glaoch a chur ar 1890-200–469. Tá an líne seo ar fáil don phobal freisin chun gur féidir le daoine cinntiú an bhfuil gnólacht infheistíochta údaraithe. Ó fuarthas na cumhachtaí dlíthiúla riachtanacha i Mí Lúnasa 1998, eisíodh 79 rabhadh inar ainmníodh 149 gnólacht. Tá liosta de na fógraí rabhaidh go léir a eisíodh go dtí seo ar fáil ar an láithreán gréasáin www.financialregulator.ie
Tá faisnéis ar fail ar láithreán gréasáin an Rialtóra Airgeadais ar airgeadas pearsanta, itsyourmoney.ie, i dteanga shimplí, faoi chalaoisí agus camscéimeanna agus tugann sé leideanna faoin gcaoi inar féidir leat tú féin a chosaint. Tá rannán ann freisin a bhaineann le coigiltí agus infheistíochtaí a thugann mionsonraí ar na saincheisteanna ar chóir duit a chur san áireamh sula thosaíonn tú ag coigilt nó ag infheistiú agus cuireann sé faisnéis ar fáil faoi na saghsanna coigiltis agus na táirgí infheistíochta is coitianta.