Is é an cuspóir atá ag an Rialtóir Airgeadais ná
- Cabhrú le tomhaltóirí chun cinntí eolasacha a dhéanamh faoina gcúrsaí airgeadais i margadh cóir sábháilte; agus
- Institiúidí fónta dinimiciúla airgeadais a chothú in Éirinn.
Tugann an Rialtóir Airgeadais faoin ról atá aige ar roinnt bealaí comhtháite:
- Nósanna imeachta údaraithe diana d’iontrálaithe sa mhargadh seirbhísí airgeadais;
- Maoirseacht ar sholáthróirí seirbísí airgeadais a dhíríonn ar a sócmhainneacht agus a bpróisis bhainistíochta riosca;
- Comhlíonadh arís agus arís eile leis an gcód um chosaint tomhaltóirí ionas go bhfeidhmhíonn na soláthróirí seirbhíse airgeadais ar bhealach cothrom trédhearcach le linn dóibh bheith ag déileáil le tomhaltóirí; agus
- Soláthar faisnéise neamhspleách do thomhaltóirí, d’fonn cur leis an tuiscint atá acu ar chostais, rioscaí agus buntáistí seirbhísí airgeadais éagsúla.