Gearáin faoin Bhanc Ceannais na hÉireann
Tá sé de rún daingean ag an mBanc Ceannais a chinntiú go gcaitheann ár bhfoireann i gcónaí leat le cúirtéis agus le meas agus déanfaimid ár ndícheall chun a chinntiú go bpléann an duine iomchuí le do cheist nuair a dhéanann tú teagmháil linn. Ina chúiteamh sin, táimid ag súil go gcaithfidh tú lenár bhfoireann le cúirtéis agus le meas.
Má tá tú buartha faoin gcaoi inar chaith an Banc Ceannais leat, b’fhéidir gur mhaith leat gearán a dhéanamh linn. Tá Nós Imeachta le Gearáin a dhéanamh againn chuige seo. Má táthar chun déileáil le do ghearán faoin Nós Imeachta seo, caithfidh:
- Baint a bheith aige le seirbhís a fuair tú ón mBanc Ceannais;
- Baint a bheith aige leis an mBanc Ceannais nó le hoifigeach de chuid an Bhainc Ceannais seachas le heagraíocht ar bith eile, is cuma an bhfuil an eagraíocht sin rialáilte nó nach bhfuil;
- Baint a bheith aige leis na tiomantais atá i bPrótacal an Bhainc Ceannais do Pháirtithe Leasmhara
Ní bhaineann an Nós Imeachta seo le haon ghearán maidir le gnólachtaí seirbhísí airgeadais rialáilte ná le gearáin a bhaineann le haon chinneadh a dhéanann an Banc Ceannais. Tugtar breac-chuntas ar na nósanna imeachta do ghearáin dá leithéid anseo.
Conas gearán a dhéanamh
- Má cheapann tú go bhfuil cúis ghearáin agat, ba chóir an gearán a dhíriú, a mhéid is féidir, ar an rannóg nó oifigeach ábhartha den Bhanc Ceannais lena raibh tú ag plé, ar an nguthán nó i scríbhinn. Déanfaidh an fhoireann sa rannóg sin iarracht chun déileáil le do ghearán gan mhoill;
- Munar féidir leis na baill foirne atá i gceist do ghearán a réiteach nó muna bhfuil tú sásta lena bhfreagairt, atreorófar tú chuig Bainisteoir na rannóige ábhartha;
- Má tá tú i gcónaí míshásta leis an bhfreagairt, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh lenár n-Oifigeach Caidrimh Custaiméirí a imscrúdóidh do ghearán. Is iad seo leanas na sonraí teagmhála don Oifigeach Caidrimh Custaiméirí:-
Ríomhsheoladh: complaints@centralbank.ie
Uimhir Theileafóin: (01) 224 4000
Seoladh poist: Oifigeach Caidrimh Custaiméirí
f/ch GSD
Bank Ceannais na hÉireann
Bosca O.P. 559
Sráid an Dáma
Baile Átha Cliath 2
Eolas is cóir duit a chur ar fáil
Ba chóir duit an Fhoirm Ghearáin a líonadh isteach nó na sonraí sonracha seo a leanas a chur ar fáil dúinn i scríbhinn.
D’ainm
Do sheoladh
Uimhir Theileafóin i rith an lae
Dáta an teagmhais
Ainm na rannóige agus /nó an oifigigh lena raibh tú ag plé
Sonraí faoin rud lena bhféadfá bheith mí-shásta
Conas a dhéileálfar le do ghearán
- Nuair a dhéanann tú do ghearán go hoifigiúil, mar a imlíníodh thuas, admhófar é laistigh de 2 lá oibre den dáta fála. Admhófar gearán a fhaightear trí ríomhphost go huathoibríoch.
- Imscrúdóimid do ghearán agus eiseoimid freagra laistigh de 20 lá oibre, nó munar féidir é sin a dhéanamh, coinneoimid ar an eolas tú maidir le dul chun cinn an imscrúdaithe laistigh den creat-ama sin.
- Déileálfar le gach gearán go pras, go cothrom agus go neamhchlaonta.
- Coimeádfar taifid chothrom le dáta de na gearáin go léir, lena n-áirítear toradh na n-imscrúduithe.
- Gabhfaimid leithscéal leat as aon earráid a rinneadh, míneoimid duit cad tharla agus cuirfimid an scéal ina cheart nuair is indéanta sin.
- Scrúdóimid ár nósanna imeachta más gá chun a chinntiú nach ndéanfar pé earráidí a rinneadh arís.
Gearáin maidir le soláthraí seirbhísí airgeadais
Conas gearán a dhéanamh in aghaidh soláthraí seirbhíse airgeadais
Ba chóir gearáin faoi institiúidí airgeadais nó gearáin faoi sheirbhísí airgeadais a phlé ar dtús leis an institiúid atá i gceist. Faoinár gCód um Chosaint Tomhaltóirí, ní mór do gach gnólacht seirbhísí airgeadais rialáilte nós imeachta a bheith curtha i bhfeidhm aige chun déileáil le gearáin.
Muna bhfuil tú sásta leis an bhfreagairt, tá sé de cheart agat an gearán a chur faoi bhráid an Ombudsman um Sheirbísí Airgeadais nó an Ombudsman do Phinsin, comhlachtaí reachtúla atá ar leithligh ón mBanc Ceannais.
Pléann an tOmbudsman um Sheirbhísí Airgeadais le gearáin in aghaidh gnólachtaí seirbhísí airgeadais, lena n-áirítear comhairleoirí airgeadais agus táirgí airgeadais. Pléann an tOmbudsman do Phinsin le gearáin faoi duine ar bith atá freagrach as scéim pinsean d’fhostóra nó do Chuntas Coigiltis Pearsanta Scoir a bhainistiú. Más mian leat a leithéid de ghearán a dhéanamh, tabharfaimid comhairle duit faoi na nósanna imeachta atá i gceist, tabharfaimid cabhair duit le haon cheisteanna a d’fhéadfadh a bheith agat agus cuirfimid na sonraí teagmhála cuí go léir do na hinstitiúidí atá i gceist ar fáil duit.
Ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta Náisiúnta Tomhaltóirí, tá treoir céim ar chéim chun cabhrú leat má theastaíonn uait gearán a dhéanamh in aghaidh soláthraí seirbhíse airgeadais.
Gearáin in aghaidh ár gCinntí Rialála
Faoin reachtaíocht, is féidir achomharc a dhéanamh in aghaidh cinntí sonraithe de chuid an Bhainc Ceannais chuig Binse Achomhairc Seirbhísí Airgeadais na hÉireann agus tá nós imeachta reachtúil foirmiúil ann le haghaidh achomhairc dá leithéid. Más rud é gur mian leat achomharc a dhéanamh in aghaidh cinnidh de chuid an Bhainc Ceannais chuig Binse Achomhairc Seirbhísí Airgeadais na hÉireann, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an mBinse ag Binse Achomhairc Seirbhísí Airgeadais na hÉireann, An Chéad Urlár, Teach Fhreidric, 19 Sráid Fhreidric Theas, Baile Átha Cliath 2 agus molaimid duit comhairle dlí a fháil.