Coiste Iniúchóireachta agus Bainistíochta Riosca
Is é an ról atá ag an gCoiste ná comhairle a thabhairt don Údarás agus athbhreithniú a dhéanamh ar cheisteanna a bhaineann le hiniúchóireacht inmheánach agus le héifeachtúlacht, le polasaithe bainistíochta riosca agus leis an Ráiteas Ioncaim agus Caitheachais a bheidh i dTuarascáil Bhliantúil an Rialtóra Airgeadais.
Is iad comhaltaí an Choiste: Alan Ashe (Cathaoirleach), Deirdre Purcell agus Gerard Danaher.
Coiste Buiséid agus Luacha Saothair
Is iad na príomhfhreagrachtaí atá ag an gCoiste seo:
- Moltaí a scrúdú agus a dhéanamh don Údarás ar riachtanais daonchumhachta bhliantúla agus bhuiséadacha an Údaráis, lena n-áirítear tobhaigh ar an tionscal;
- Monatóireacht a dhéanamh ar athruithe suntasacha ar chaiteachas i rith na bliana; agus
- scrúdú a dhéanamh ar luach saothair Oifigeach an Údaráis agus comhairle a thabhairt don Údarás ina leith.
Is iad comhaltaí an Choiste: Dermot Quigley (Cathaoirleach), John Dunne, Deirdre Purcell agus Alan Ashe.